Súil le Breith

  1. home
  2. Books
  3. Súil le Breith

Súil le Breith

4.00 11 1
Share:

Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana.Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta...

Also Available in:

  • Amazon
  • Audible
  • Barnes & Noble
  • AbeBooks
  • Kobo

More Details

Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló tar éis 15 bliana.

Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).

I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige.

Úrscéal neamhchoitianta agus thar a bheith macánta atá sa leabhar seo a thugann faoi cheisteanna a bhaineas le gairm na sagartóireachta agus le hionad an tsagairt sa phobal ar bhealach a théas go smior na ceiste go minic. Ó tharla gur sagart an t-údar agus nach dtéann sé ar chúla téarmaí lena scéal a chur i láthair, ní hiontas ar bith é go raibh an leabhar go mór i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é. — Raidió na Gaeltachta

Reveals illness of Gaeltacht -The Irish Press

Gaeltacht's answer to the Thorn Birds -The Sunday Tribune

Scéalaí ó dhúchas is ea an Standúnach -The Irish Times

Trua gan tuilleadh dá shaghas sa teanga -Connacht Tribune

Oh, Father, what a book! - Sunday Tribune

  • Format:Paperback
  • Pages:180 pages
  • Publication:1983
  • Publisher:Cló Chonamara
  • Edition:Second Edition: Leabhar Breac, 2012
  • Language:
  • ISBN10:
  • ISBN13:
  • kindle Asin:

About Author

Pádraig Standún

Pádraig Standún

3.51 67 13
View All Books